Smaragaid
Smaragaid | |
---|---|
Aicmiú | |
Catagóir | Mianra |
Airíonna | |
Criostalchóras | hexagonal crystal system (en) |
Cruas Mohs | 7.6 |
Dath an stríocáin | bán |
Is geamchloch agus cineál beirile (Be3Al2(SiO3)6) í smaragaid, ar dhath glas mar gheall ar cróimiam, nó, uaireanta, vanaidiam inti. Tá cruas 7.5-8 ag beiril ar scála Mohs, agus meastar go bhfuil sé éasca smaragaidí a bhriseadh mar gheall ar ábhar iniata iontu.
Sanasaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig an focal 'smaragaid' ón Laidin smaragdus, a tháinig ón fhocal Gréigise σμάραγδος (smáragdos), a chiallaíonn “seoid ghlas” ó theanga Sheimíteach.
Dath
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa tseoideolaíocht, roinntear an dath ina thrí chomhpháirt: lí, sáithiú agus ton. Is féidir le smaragaid beidh i lí ó buí-ghlas go gorm-ghlas, is é an glas príomhlí na smaragaidí, is iad buí agus gorm na líocha tánaisteacha a fhaightear i smaragaidí. Is iad na seoda a bhfuil cuma ghlas measartha dorcha orthu atá tomhaiste mar smaragaidí. Rangaítear seoda a bhfuil cuma ghealghlas orthu mar bheiril ghlas in ionad smaragaide.
Tíortha ag táirgeadh smaragaidí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é an Cholóim an tír a tháirgeann an chuid is mó de smaragaidí thar an domhain, le 50-95% ag teacht ón Cholóim. Is iad Muzo, Coscuez, and Chivor na príomháiteanna sa Cholóim a bhíonn ag mianadóireacht smaragaid.
Áiteanna eile a bhíonn ag mianadóireacht smaragaid ná an Bhrasaíl, an Rúis, an Afganastáin, an Phacastáin, Madagascar, an tSaimbia, agus an tSiombáib.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol a bhaineann le mianra é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |