Giúdaigh Aisceanazaíocha
Cineál | grúpa eitneach |
---|---|
Daonra iomlán | 8,000,000 |
Teanga | an Ghiúdais, Béarla, an Eabhrais agus an Rúisis |
Creideamh | an Giúdachas agus aindiachas |
Ball de | na Giúdaigh |
Eapainm | Aisceanaz |
Tíreolaíocht | |
Stáit | Stáit Aontaithe Mheiriceá, Iosrael, an Rúis, an Úcráin, Aontas Eorpach agus an Bhealarúis |
Is éard is na Giúdaigh Aisceanazaíocha ann ná (Eabhrais: אַשְׁכֲּנָזִים, fuaimnithe: [aʃkənazim ˌ], uimhir uatha: [ˌ aʃkənazi]; freisin יְהוּדֵי אַשְׁכֲּנָז, Yehudei Ashkenaz, "Giúdaigh na nAshkenaz"), na Giúdaigh de shliocht phobail na nGiúdach meánaoiseach a bhí lonnaithe le taobh na Réine sa Ghearmáin ó an Alsáis sa deisceart go dtí Dúiche na Réine sa tuaisceart.
San mheánaoise thug na Giúdaigh Aisceanaz ar an réigiún cois na Réine ar dtús báire agus ar an gcaoi sin, ar an nGearmáin uilig ina dhiaidh. Dá bhrí sin, is ionann "Aisceanásaíoch" nó "Giúdach Aisceanazaíoch" agus "Giúdach Gearmánach" Níos déanaí ar aghaidh, glaodh Aicseanásígh ar na Giúdaigh as Iarthair agus Lár na hEorpa toisc go raibh príomhionaid foghlama na nGiúdach suite sa Ghearmáin. Tugtar "Aisceanaz" ar phatrarc Iafethach freisin ar Thábla na Náisiún (Geineasas 10).